Ealaín na Gaeltachta

Ealaín na Gaeltachta Ag forbairt agus ag cothú na nEalaíon dúchasach agus comhaimseartha / Developing the indigenous and contemporary Arts in the Gaeltacht!

Is ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon i 1997. Bunaíodh Ealaín na Gaeltachta Teo., fochomhlacht de chuid an Údaráis, le Plean Ealaíon don Ghaeltacht a chur i gcrích. An tÚdaras agus An Chomhairle Ealaíon a dhéanann cómhaoiniú ar an gcomhlacht seo.

17/06/2026
Seó úr le ceol & rince nua-chumtha ag Siún Ní Eartáin.Ionad an Bhlaoscaoid, 8in, 27 Meitheamh.
17/06/2026

Seó úr le ceol & rince nua-chumtha ag Siún Ní Eartáin.
Ionad an Bhlaoscaoid, 8in, 27 Meitheamh.

Bí linn do sheisiún eolais.Is deis luachmhar í Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta do chleachtóirí gairmiúla atá...
16/06/2026

Bí linn do sheisiún eolais.

Is deis luachmhar í Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta do chleachtóirí gairmiúla atá ag maireachtáil agus ag cruthú trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Cláraigh anois do sheisiún eolais ar líne ar an 17 Meitheamh ag a 7in nó ar an 18 Meitheamh ag a 10rn ar www.ealain.ie

Bhí ócáid thar a bheith speisialta i Halla Pobail Thír an Fhia ar an 19 Bealtaine, áit ar tháinig scoileanna Cheantar na...
08/06/2026

Bhí ócáid thar a bheith speisialta i Halla Pobail Thír an Fhia ar an 19 Bealtaine, áit ar tháinig scoileanna Cheantar na nOileán agus Scoil Mhuire an Tuairín le chéile le mórbhuíochas a ghabháil agus le hómós a léiriú do Steve Sweeney, atá ag dul ar scor tar éis beagnach dhá scór bliain a chaitheamh ag teagasc ar an mbosca ceoil agus ar an bhfeadóg stáin fud fad Chonamara.

Bhí gasúir ó rang 2 - 6 ó na scoileanna ar fad ar stáitse agus iad ag seinm na bport a mhúin Steve dóibh, agus cé go raibh cumha air ar an lá, agus go n-aireoidh sé na gasúir agus foireann na scoileanna uaidh go mór, tá pleananna aige rudaí eile a dhéanamh ó thaobh an cheoil de.

Teagascóir ceoil ar leith ab ea Steve, mar a dúradh ag an ócáid, tháinig sé isteach chuig na scoileanna chuile sheachtain le meangadh gaire ar a éadan. Bhí sé foighneach i gcónaí leis na gasúir agus roinn sé a chuid ceoil go flaithiúil.

Aireoidh pobal na scoileanna uathu go mór é agus ní bheidh sé éasca duine a fháil lena chuid bróga a líonadh ach tá lorg a lámh fágtha ag Steve fud fad Chonamara agus ar na trí oileáin Árann.

Guíonn muid gach rath agus beannacht ar Steve sna blianta atá roimhe agus gabhann foireann Cuisle buíochas ó chroí leis as an méid atá déanta aige chun ár gceol traidisiúnta a chur chun cinn i measc aos óg na Gaeltachta.

Grianghraif le Seán Ó Mainnín

Mar chuid dár dtacaíocht leanúnach d’earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht, beidh Ealaín na Gaeltachta ag reáchtáil dhá Che...
07/06/2026

Mar chuid dár dtacaíocht leanúnach d’earnáil na n-ealaíon sa Ghaeltacht, beidh Ealaín na Gaeltachta ag reáchtáil dhá Cheardlann Airgeadais le Gaby Smyth. Tabharfar eolas praiticiúil agus cuimsitheach ar bhainistiú airgid, coinneáil cuntas agus saincheisteanna cánach i seisiún ina ndíreofar go sonrach ar ealaíontóirí aonair (30 Meitheamh) agus ceann eile ar lucht eagraithe féilte (8 Iúil). Beidh deis ag rannpháirtithe ceisteanna a chur i rith na gceardlann. Is i mBéarla a chuirfear na ceardlanna i láthair.

Is comhalta de chuid Institiúid na gCuntasóirí Cairte é Gaby Smyth. Tá os cionn 20 bliain de thaithí aige ag tabhairt comhairle gnó agus cánach do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí, go háirithe i réimse na litríochta, an cheoil, na scannánaíochta agus na hamharclannaíochta.

Ceardlann d’Ealaíontóirí
Dáta: 11rn, 30 Meitheamh
Cláraigh anseo: 81ab308a-e1c4-4b26-949b-9d3803b13b37@5cc3617d-8074-49b9-9b9d-21b20f4e062a" rel="ugc" target="_blank">https://events.teams.microsoft.com/event/81ab308a-e1c4-4b26-949b-9d3803b13b37@5cc3617d-8074-49b9-9b9d-21b20f4e062a

Ceardlann d’Fhéilte agus d’Eagrais Ealaíon
Dáta: 7in, an 8 Iúil
Cláraigh anseo:
events.teams.microsoft.com/event/7b12a1ea-e23b-4660-9bdf-30646cda89f9@5cc3617d-8074-49b9-9b9d-21b20f4e062a

Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta fógartha anois. Tá treoracha iomlána ...
05/06/2026

Tá lúcháir orainn a fhógairt go bhfuil Scéim Sparánachta d’Ealaíontóirí Gaeltachta fógartha anois.

Tá treoracha iomlána na scéime, mar aon leis an bhfoirm iarratais, ar fáil ar shuíomh gréasáin Ealaín na Gaeltachta.

Is é príomhchuspóir na scéime tacú le healaíontóirí am a chur ar leataobh chun barr feabhais a bhaint amach ina gcleachtas ealaíne. Tá an scéim dírithe ar ealaíontóirí ag gach céim dá ngairm, idir chleachtóirí luatha agus ealaíontóirí fadbhunaithe. Tá rogha ag iarrthóirí idir dhá leibhéal maoinithe: suas le €5,000 dóibh siúd atá luath ina gcleachtas agus suas le €10,000 dóibh siúd a bhfuil níos mó taithí acu.

Tá seisiúin eolais ar líne ar siúl ar an 17 agus an 18 Meitheamh, agus tá tacaíochtaí rochtana ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu leis.
https://ealain.ie/sceim-sparanachta-dealaiontoiri-gaeltachta-2/

Spriocdháta d'iarratais: 16 Iúil 2026

Cuireadh clabhsúr ar chlár na scoilbhliana seo de chuid Cuisle, clár óige Ealaín na Gaeltachta, in Amharclann Chois Fhar...
29/05/2026

Cuireadh clabhsúr ar chlár na scoilbhliana seo de chuid Cuisle, clár óige Ealaín na Gaeltachta, in Amharclann Chois Fharraige tráthnóna Dé Céadaoin.

Ar an tráthnóna ba ghrianmhaire agus ba theo sa mbliain, ní hiad na tránna amháin a bhí dubh le daoine, ach bhí halla na hamharclainne ag cur thar maoil le ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí óga Chonamara agus a gcuid gaolta agus cairde tagtha isteach le tacú leo.

Bhí féasta siamsaíochta ar an stáitse idir cheol, amhráin agus steipeanna agus na daoine óga faoi stiúir na dteagascóirí a bhíonn ag obair leo i Scoil Sailearna i rith na bliana.

Is le maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta | Department of Rural and Community Development and the Gaeltacht, mar thacaíocht don Phróiseas Pleanála Teanga, a chuirtear clár Cuisle ar fáil.

📸Grianghraif le Seán Ó Mainnín

An ceoltóir, amhránaí agus/nó damhsóir tú atá idir 15-17 bliana d’aois a bhfuil an-suim agat sna healaíona traidisiúnta?...
21/05/2026

An ceoltóir, amhránaí agus/nó damhsóir tú atá idir 15-17 bliana d’aois a bhfuil an-suim agat sna healaíona traidisiúnta? An bhfuil ardchaighdeán ceoil/amhránaíochta/damhsa bainte amach agat cheana féin? Ar mhaith leat freastal ar cheardlann le taibheoirí proifisiúnta? Ar mhaith leat a bheith ar stáitse le ceoltóirí agus amhránaithe d’ardchaighdeán? Tá fáilte romhat cur isteach ar ‘Aniar Aneas, Aniar Aduaidh’

Beidh an chomhdháil idirnáisiúnta ‘Artistic Research and Endangered Conceptual Worlds’ ar siúl ar champas Ollscoil na Gaillimhe ó 23-25 Meitheamh 2026 agus beidh taighdeoirí ealaíonta agus cleachtóirí ealaíonta ó gach cúinne den domhan ag freastal ar an ócáid. Reáchtálfar clár Taighde Dána 2026 taobh leis an gcomhdháil in Ollscoil na Gaillimhe 2026 chun go mbeidh na himeachtaí Gaeilge fite fuaite le clár na comhdhála idirnáisiúnta.

Beidh ceolchoirm ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe ar an 23ú Meitheamh mar chuid den chomhdháil agus beidh plúr na gceoltóirí, na bhfonnadóirí agus na ndamhsóirí ó Ghaeltachtaí na tíre ag taibhiú ag an gceolchoirm seo. Beidh ealaíontóirí óga na Gaeltachta ar stáitse freisin agus cuirfidh siad clár ceoil, amhránaíochta agus damhsa ar an ardán. Cuirfear an clár le chéile ag ceardlanna le háisitheoirí ó cheantair éagsúla Gaeltachta thar dhá lá ar champas Ollscoil na Gaillimhe 22-23 Meitheamh 2026.

Nasc don fhoirm iarratais anseo - https://forms.cloud.microsoft/pages/responsepage.aspx?id=hrHjE0bEq0qcbZq5u3aBbO8BLf_ztqVLlG3GxowQbG9UQ1dIUUdJNjVIOVZWNU00TFBXUkE5M0o3Vy4u&route=shorturl&utm_source=ig&utm_medium=social&utm_content=link_in_bio&fbclid=PAZXh0bgNhZW0CMTEAc3J0YwZhcHBfaWQPOTM2NjE5NzQzMzkyNDU5AAGn9GAjnTfIvK7i5n5vZkAALRa9LCc62KE38QGyKJql1yvReZLtfWpyfZnir8k_aem_YBbwl8OPJpzjjE--YHdenA

Maoinithe ag Cuisle, Ealaín na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe

Caifé na nEalaíontóirí agus na gCoimeádaitheDé Sathairn 27ú Meitheamh | 10am – 4.30pm | Amharclann Chois Fharraige, Indr...
12/05/2026

Caifé na nEalaíontóirí agus na gCoimeádaithe

Dé Sathairn 27ú Meitheamh | 10am – 4.30pm | Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán, H91 P23Y

Tá lúcháir ar Ealaín na Gaeltachta agus ar Visual Artists Ireland cuireadh a thabhairt duit a bheith i láthair ag Caifé na nEalaíontóirí agus na gCoimeádaithe in Amharclann Chois Fharraige. Is ar ealaíontóirí atá i mbun a gcleachtais i gCeantair Ghaeltachta Chonnacht, na Mumhan agus Thír Chonaill, agus ar fud Chontae na Gaillmhe, atá an ócáid seo dírithe, go príomha, agus tabharfaidh sí deis dóibh lá a chaitheamh i mbun plé ar an gcleachtas ealaíne comhaimseartha (le healaíontóirí atá ag obair i réimsí éagsúla).

Céard leis ar cheart duit a bheith ag súil?

Príomhchur i Láthair: Aitheasc ón choimeádaí agus staraí ealaíne Catherine Marshall.
Clinicí & Cuir i Láthair ó na na Coimeádaithe:
Faigh léargas ar an gceird ónár n-aoi-choimeádaithe – Mary Conlon, Sara Muthi, Aoife Banks, agus Valeria Ceregini – agus iad ag cur síos ar fhorbairt a dhéanamh ar thaispeántais agus mar a chothaíonn siad caidrimh ghairmiúla. Beidh deis ag na rannpháirtithe clinicí coimeádaíochta 1:1 a eagrú, chomh maith le haiseolas pearsanta a fháil ó choimeádaí.
Taispeántais Cheird na nEalaíontóirí:
Bí i láthair ealaíontóirí agus iad ag cur a gcuid saothar i láthair agus ag roinnt a gcuid taithí ar bheith ag forbairt a gcuid ceirde sa gceantar.
Líonrú:
Cas le healaíontóirí eile i dtimpeallacht shuaimhneach.

Is ócáid dhátheangach í seo – Gaeilge agus Béarla.
Táille Chlárúcháin: €10 (lón éadrom san áireamh).

Glaoch Oscailte: Taispeántais Cheird na nEalaíontóirí
Tugann Ealaín na Gaeltachta, i gcomhpháirt le VAI, cuireadh d’ealaíontóirí a gcuid suime a léiriú lena gcuid saothar a thaispeáint sa gCaifé na nEalaíontóirí agus na gCoimeádaithe ar an 27 Meitheamh.
Na healaíontóirí a roghnófar, cuirfidh siad sleamhnáin dá gcuid saothar i láthair agus gheobhaidh siad €50 mar tháille taispeántais.

Le cur isteach ar áit:
Cláraigh don imeacht seo ar shuíomh idirlín an VAI agus cuir d’iarratas chuig [email protected].
Riachtanais: Ráiteas gearr ón ealaíontóir (150 focal) agus trí ghrianghraf d’ardchaighdeán de do chuid oibre.
Spriocdháta: 9ú Meitheamh 2026.

Address

Gaoth Dobhair

Opening Hours

Monday 9am - 5pm
Tuesday 9am - 5pm
Wednesday 9am - 5pm
Thursday 9am - 5pm
Friday 9am - 5pm

Telephone

+353749560100

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Ealaín na Gaeltachta posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Organisation

Send a message to Ealaín na Gaeltachta:

Share