Daltaí na Gaeilge

Daltaí na Gaeilge Daltaí na Gaeilge is a not for profit corporation organized under the laws of the State of New Jersey, United States of America.

Rugadh agus tógadh Ethel Brogan i gCathair Ard Mhaca i dTuaisceartna h-Éireann. Nuair a bhí sí ina cailín óg, chaith sí a laetheanta i measc an chultúir Ghaelach. B'in é an uair ar thit Ethel i ngrá leis an nGaeilge. Chuaigh sí ar imirce sa mbliain 1946, agus chaith sí na ceithre bliana ina dhiaidh sin i gCathair Nua-Eabhrac. Sa deireadh, d'aistrigh sí amach faoin tuaith i Stát Nua-Eabhrac lena fe

ar céile, Bill Brogan. Cé go raibh Ethel ag maireachtáil sna Stáit Aontaithe Mheirceá, ní raibh aon dearmad déanta aice ar na rudaí Gaelacha, go háirithe an Teanga. Thosaigh sí ag múineadh ranga Ghaeilge ar mhaithe a comharsan Mheiriceánach. Ní raibh na ranganna ar siúl aici ach oíche amháin sa seachtain, agus go gairid, thug Ethel faoi deara go raibh an-deachracht acu an Teanga a fhóghlaim ar an modh sin. Chuimhnigh sí go ceanúil ar an mbealach ar fhóghlaim sí fhéin an Ghaeilge. Chaitheadh sí mí iomlán gach samhradh sa nGaeltacht ag staidéar na Gaeilge, gan focal Bhéarla ar bith a labhairt. Bhí sé chomh héasca, chomh nádúrtha, an Teanga a fhóghlaim mar sin. Chinn Ethel ar an bhfaill céanna a thabhairt dena cuid mhic léinn. Shocraigh sí an chéad Deireadh Seachtain na Gaeltachta faoi Mhárta 1981. Tháinig daltaí as rang Ethel agus as na ranganna áitiúla eile. D'fhreastal breis is tríocha duine ar an gclár, agus d'éirigh sé go hán-mhaith leo. Chonaic na mic léinn go raibh siad in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge mar theanga bheo, agus spóirt 'is spraoi a bheith acu ag an am céanna. Tá a fhios ag an domhan an scéal ó shin amach. Níor stad Ethel ag obair ar son na cúise ón uair sin, ague lean sí ar aghaidh breis 'is tríocha bliain. D'ullmhaigh sí Deireadh Seachtaine eile, agus ansin ceann eile, agus thar éis sin ceann eile fós. Chun cabhair a thabhairt di leis an misean seo, bunaíodh "Daltaí na Gaeilge" leis an t-aon chuspóir amháin - "Chun an Ghaeilge a mhúineadh agus í a chuir chun cinn". Sa lá atá inniu ann, bíonn sceideal lán réite ag Daltaí na Gaeilge i gcaitheamh na bliana ar fad. D'fhill cuid dena mic léinn abhaile agus bhunaigh siad a gcláir fhéin a bhí bunaithe ar shampla Ethel. I láthair na huaire, tá a gcláir ar siúl ar fud Mheiriceá Thuaidh. Ní gá a rá go raibh Ethel an-bhródúil go deo astu uilig. Bíonn cláir tairgthe ag Daltaí na Gaeilge i Stát Nua-Eabhrac, Nua-Gheirsí agus Coill Phenn. Agus bíonn ranganna le fáil iontu atá feiliúnach do chuile dhaoine, idir glan tosaitheoirí agus cainteoirí dúchasa. Deireadh Ethel go minic go raibh an obair iomlán déanta aici mar ba ghrá léi í. In a barúil fhéin, níorbh obair ar chor ar bith é ach comhlíonadh nuair a bheadh duine ag streachailt ar son na cúise. Bí linn agus leag a lorg iontach. Beidh fáilte Uí Cheallaigh romhat, cinnte! Ethel Brogan was born and raised in Armagh City in the north of Ireland. When she was a young girl she spent her days immersed in the Irish (Gaelic) culture. That was when Ethel fell in love with the Irish language. She emigrated to the United States in 1946, and she spent the following four years in New York City. Eventually, she relocated to the countryside of upstate New York with her husband, Bill Brogan. Although Ethel was living far away from her native home, she never forgot her Irish roots, especially the Irish language. She began teaching Irish language classes for the benefit of her American neighbors. Her classes were only held one evening each week, and Ethel soon noticed that it was very difficult for them to learn the language in that way. She fondly remembered the way in which she herself had learned Irish. She would spend a full month each summer in the Gaeltacht (Irish speaking district) studying the Irish language, and without speaking any word of English at all. It was so easy, so natural, to learn the language like that. Ethel was determined to give the same opportunity to her own students. She arranged the first "Gaeltacht Weekend" in March of 1981. Students came from Ethel's class as well as from the other local classes. More than thirty people attended that first program, and it proved to be a great success. The students saw that they were able to make use of the Irish language as a living language, while having fun and sport at the same time. The whole world knows what happened after that. Ethel worked tirelessly, and for the next 30 years she dedicated herself to advancing the Irish language. She arranged another Immersion Weekend, and then another one, and after that another one more. In order to help her in this mission, Daltaí na Gaeilge was founded with its one and only objective - "To promote and teach the Irish language". At the present time, Daltaí na Gaeilge has a full schedule of immersion programs throughout the entire year. Some of the attendees at these events have returned home and established their own programs which are based on Ethel's model. Presently, their programs are running throughout North America. Needless to say, Ethel was always extremely proud of them. Daltaí na Gaeilge operates immersion programs in New York State, New Jersey and Pennsylvania. These programs offer classes which are suitable for every level of ability, from true beginners to native speakers. Ethel often said that she did all of this work because she loved it. In her opinion, when people struggle on behalf of this noble cause they are not really doing work, but rather finding fulfillment. Join us in following her marvelous example; and you will be warmly welcomed, of course!

Satharn na nGael - A Gaelic Saturday -
05/18/2026

Satharn na nGael - A Gaelic Saturday -

Beidh muid ag filleadh go dtí an 'Irish Center' i Philadelphia, Coill Phenn i mbliana; agus is suíomh álainn agus foirfe dúinn é, ar ndóigh. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh an 22ú dé Bhealtaine (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $5. Tá súil againn go bhfeicfidh muid a...

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Bealtaine 2026 - Irish Language May Immersion Weekend -
04/23/2026

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Bealtaine 2026 - Irish Language May Immersion Weekend -

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 15 - 17 Bealtaine 2026 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 10 Bealtaine lascaine $10.

Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge -
02/28/2026

Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge -

Bhí deis againn filleadh ar Long Beach Island anuraidh, agus bhain muid an-taitneamh go deo as. Agus is cúis mhór áthais dúinn anois a fhógairt go rachaimid ar ais sul i bhfad chun Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge a cheiliúradh! Nach mbíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí? Agus bainimid ...

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Feabhra 2026 - Irish Language February Immersion Weekend -
01/23/2026

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Feabhra 2026 - Irish Language February Immersion Weekend -

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 13 - 15 Feabhra 2026 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 1 Feabhra lascaine $10.

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Samhain 2025 - Irish Language November Immersion Weekend -
09/25/2025

Deireadh Seachtaine Gaeilge, Samhain 2025 - Irish Language November Immersion Weekend -

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 7-9 Samhain 2025 in Jamison, Coill Phenn. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 25 Deireadh Fómhair lascaine $10. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin th....

Seachtain na GaeilgeSummer Immersion WeekLúnasa / August 24-30, 2025 Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge,...
07/31/2025

Seachtain na Gaeilge

Summer Immersion Week

Lúnasa / August 24-30, 2025

Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge, 24-30 Lúnasa 2025 in Esopus, Nua-Eabhrac.

Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Tá fáilte roimh chách!


Daltaí na Gaeilge will hold our Irish Language Immersion Week, August 24-30, 2025, in Esopus, New York.

We will have classes available for all levels, as usual. We hope to see you there. Everyone is welcome!


Beidh Éabha Ní Mhonacháin linn arís mar mhúinteoir Gaeilge don ardrang. Is múinteoir Gaeilge agus cainteoir dúchais í.

Éabha Ní Mhonacháin will be with us again as an Irish teacher for the advanced class. She is an Irish teacher and native speaker.


Cláraigh Anseo

Register Here

Immersion Course in The Irish Language Sunday Evening, August 24th through Saturday Noon, August 30th, 2025 Marist Brothers Retreat Center 1455 Broadway / Route 9W, Esopus, NY 845-384-6620 Gaeltacht Immersion Programs, were […]

Seachtain na Gaeilge - Irish Language Summer Immersion Week 2025 -
06/26/2025

Seachtain na Gaeilge - Irish Language Summer Immersion Week 2025 -

Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Tá fáilte roimh chách!

Satharn na nGael
06/14/2025

Satharn na nGael

Satharn na nGaelA Gaelic SaturdayBeidh clár lae (Satharn na nGael) le Daltaí na Gaeilge ar Dé Sathairn, an 7ú lá de Mhei...
05/27/2025

Satharn na nGael
A Gaelic Saturday
Beidh clár lae (Satharn na nGael) le Daltaí na Gaeilge ar Dé Sathairn, an 7ú lá de Mheitheamh 2025.

Beidh muid ag filleadh go dtí an 'Irish Center' i Philadelphia, Coill Phenn i mbliana; agus is suíomh álainn agus foirfe dúinn é, ar ndóigh. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh an 23ú dé Bhealtaine (tríd an bpost nó ar an idirlíon) lascaine $5. Tá súil againn go bhfeicfidh muid ansin thú. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon.
Our annual one-day Irish Language Immersion Program (Satharn na nGael) will be held on Saturday the 7th of June 2025 in Philadelphia, PA.

We will be returning to the Philadelphia 'Irish Center' this year. It is a very beautiful and comfortable facility which always makes us feel as though we've come home for the day. People who register by May 23rd (either by mail or online) will receive a $5 discount. We hope you will be able to join us for the day. On-line Registration and payment are available for this event.


CLÁRAIGH ANSEO
(Register Here)

Daltaí Na Gaeilge Presents SATHARN NA nGAEL (A Gaelic Saturday) In association with the Commodore Barry Arts & Cultural Center Immersion Course in The Irish Language Saturday, June 7, 2025 […]

Deireadh Seachtaine GaeilgeIrish Language WeekendBealtaine / May 16-18, 2025Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh S...
04/28/2025

Deireadh Seachtaine Gaeilge
Irish Language Weekend
Bealtaine / May 16-18, 2025
Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár nDeireadh Seachtaine Gaeilge, 16 - 18 Bealtaine 2025 in Esopus, Nua-Eabhrac. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Gheobhaidh na daoine atá cláraithe roimh 1 Bealtaine lascaine $10.

Tá an Deireadh Seachtaine Tumoideachas seo curtha ar chumas ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá muid thar a bheith buíoch dóibh.

Feicfidh muid in Esopus thú, le cuidiú Dé.


Daltaí na Gaeilge will hold our Irish Language Immersion Weekend, May 16th - 18th, 2025 in Esopus, New York. Online registration and payment are available. Overnight attendees who register by May 1st will receive a $10 discount.

This Immersion Weekend receives financial assistance from the Irish Government's Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media. We are truly grateful for their ongoing support.

We hope to see you in Esopus!


CLÁRAIGH ANSEO (Register Here):

Immersion Course in The Irish Language Friday, May 16th through Sunday, May 18th, 2025 Marist Brothers Retreat Center 1455 Broadway / Route 9W, Esopus, NY 845-384-6620 All-Inclusive Weekend Fee: Cost […]

Address

1504 NW 3rd Avenue Ft Lauderdale
Deal, NJ
33311

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Daltaí na Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Organization

Send a message to Daltaí na Gaeilge:

Share