18/05/2026
Tá Pint of Science Ireland ag tabhairt na heolaíochta chugaibh trí Ghaeilge!
Ó 18–21 Bealtaine, bígí linn le haghaidh Oícheanta Ólaíochta — imeachtaí eolaíochta saor in aisce trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Conamara.
Ní gá a bheith líofa sa Ghaeilge. Ní gá cúlra STEM a bheith agat ach oiread. Má tá tú líofa, ag foghlaim, nó díreach fiosrach, tá fáilte romhat teacht linn le haghaidh oícheanta suaimhneacha lán d’eolaíocht, scéalta agus comhrá.
Tabhair cara leat, faigh ticéad saor in aisce, agus bígí linn!
Faigh do thicéad saor in aisce: pintofscience.ie