02/05/2025
Tá ‘Glanadh Suas i gCois Fharraige’ na bliana seo ar bun Satharn 17ú Bealtaine. Teacht le chéile 9:00am go 9:30am ag Seanscoil Sailearna. Mura bhfuil tú ar fail ar an lá, is féidir áit eicint a phiocadh agus é a dhéanamh idir seo agus sin ach teacs a chur cá bhfuil an mála fágtha. Cuirfear miotóga agus málaí ar fáil. Fáilte roimh pobal na háite…bígí linn..is cuma más 30 noiméad atá le spáráil agat, cabhraíonn gach noiméad linn áilleacht na háite a chaomhnú..Gach bliain bíonn coimeádán lán go béal..sin bruscair nach bhfuil ag truailliú bóithrí agus cladaigh Chois Fharraige. Tuilleadh eolais ó 087 6738834