Conradh na Gaeilge

Call Directions Website Contact the organisation

Conradh na Gaeilge Fóram daonlathach phobal na Gaeilge ó 1893
Democratic Forum for the Irish Language since 1893
(212)

Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill Chonradh na Gaeilge gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge. Tá 200 craobh agus iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Más mian leatsa ballraíocht a ghlacadh leis an gConradh, nó díreach tú féin a chur ar an eolas tríd an nuachtlitir mhíosúil a fháil, is féidir do shonraí a chlárú ag http://www.cnag.ie/index.php?page=subscriber.

🙏🙏🙏
09/10/2026

🙏🙏🙏

Sin é. It's over. 💚🙏

An bhfuil tú lonnaithe sa Nua-Shéalainn agus ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Tá rang Bonnleibhéal 2.1 (A...
09/10/2026

An bhfuil tú lonnaithe sa Nua-Shéalainn agus ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? Tá rang Bonnleibhéal 2.1 (A2.1) ar líne á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i d'amchrois (UTC+13)!

Cláraigh inniu ar www.cnag.ie/ranganna

Are you located in Aotearoa (New Zealand) and wish to improve your Irish? Conradh na Gaeilge is now running an online Refreshers 1 (A2.1) class in your time zone (UTC+13)!

Register today through www.cnag.ie/courses

💡 Seimineár an Oireachtais 2026 💡📻 An tSeachtain le Mairin Ní Ghadhra 🎙️ Conradh na Gaeilge 🤝 RTE Raidió na Gaeltachta ...
09/10/2026

💡 Seimineár an Oireachtais 2026 💡

📻 An tSeachtain le Mairin Ní Ghadhra 🎙️

Conradh na Gaeilge 🤝 RTE Raidió na Gaeltachta

📣 ‘Gaeltacht gan Tithe - Gaeltacht gan Todhchaí?’📣

Pléifear géarchéim tithíochta na Gaeltachta agus an tionchar atá aici ar an nGaeilge le scoth na gcainteoirí 🗣️

11am, Satharn, 31 Deireadh Fómhair,
An Bálsheomra, Óstán an Gleneagle, Cill Áirne

🍁

👇📣
09/10/2026

👇📣

Mar a deir an seanfhocal…

Don chéad uair le 10 mbliana anuas, ní bhfuair TG4 aon mhéadú maoinithe i mBuiséad 2027.Cuirfidh sé seo bac ar fhorbairt...
08/10/2026

Don chéad uair le 10 mbliana anuas, ní bhfuair TG4 aon mhéadú maoinithe i mBuiséad 2027.

Cuirfidh sé seo bac ar fhorbairt an stáisiúin tráth a bhfuil éileamh méadaitheach ar ábhar Gaeilge.

Faigheann S4C sa Bhreatain Bheag maoiniú de €100m+ sa bhliain. Cé go bhfuil an ról céanna ag TG4, faigheann an stáisiún maoiniú de €65.5m. Cá bhfuil an uaillmhian chéanna in Éirinn?

€65.4 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, an maoiniú céanna a tugadh don stáisiún do 2026

Ba cheart do Chomhairle Contae na Mí dul ar aghaidh lena sprioc uaillmhianach maidir le coinníollacha teanga i bhforbart...
08/10/2026

Ba cheart do Chomhairle Contae na Mí dul ar aghaidh lena sprioc uaillmhianach maidir le coinníollacha teanga i bhforbarthaí tithíochta sa Ghaeltacht - mar a rinne Comhairle Contae Chorcaí - seachas fanacht leis na treoirlínte náisiúnta pleanála.

Tá na dréacht-treoirlínte lochtach & le leasú agus baineann sé an bonn den chosaint atá i bhfeidhm cheana féin.

Deir Comhairle Contae na Mí go bhfuil deireadh curtha le plean clásal feidhme teanga a chur isteach sa gcéad phlean forbartha contae eile toisc go bhfuil céatadán leagtha amach sa dréachtráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht

Seo thíos litir ó Bhreandán Ó Beacháin chuig Rúnaí Chonradh na Gaeilge i Londain, scríofa i nGaeilge ar pháipéar Theatre...
07/10/2026

Seo thíos litir ó Bhreandán Ó Beacháin chuig Rúnaí Chonradh na Gaeilge i Londain, scríofa i nGaeilge ar pháipéar Theatre Workshop.

Luann sé go mbeidh ‘The Quare Fellow’ á chur ar stáitse sa Theatre Royal ón 24 Bealtaine 1956 agus molann sé go gcuirfí lucht labhartha na Gaeilge i Londain ar an eolas faoi, mar go raibh “cuid mhaith Gaeilge” sa dráma.
�Ba é an léiriú seo faoi stiúir Joan Littlewood a thug aitheantas mór dó i Londain, agus chuaigh an dráma ar aghaidh chuig an West End ní ba dhéanaí an bhliain sin.�

Más maith libh tuilleadh a chloisteáil faoi na ceangail eile a bhí ag Conradh na Gaeilge leis an saol litríochta agus amharclannaíochta le linn na hAthbheochana, bígí linn Déardaoin do ‘Amharclannaíocht na hAthbheochana’ - le léachtaí ón Dr Michael Pierse agus Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh.

8pm
8 Deireadh Fómhair / Amárach
Club na Múinteoirí
Cearnóg Pharnell
BÁC

Ná cailligí!�______________________________________________�

Tógtha as Cartlann Chonradh na Gaeilge in �Catalógaithe ag agus digitithe i

Tá an éigeandáil sa chóras oideachais ag dul in olcas. Ní dhearna 21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí aon scrúdú Gaeilge...
07/10/2026

Tá an éigeandáil sa chóras oideachais ag dul in olcas.

Ní dhearna 21% de dhaltaí na Sraithe Sóisearaí aon scrúdú Gaeilge i mbliana.

Tá an Roinn Oideachais ag teip ar dhaltaí & ar an nGaeilge. Tá géarghá le polasaí comhtháite ón luath-óige go dtí an 3ú leibhéal bunaithe ar an FTCE le freastal ar dhaltaí le riachtanais & ag teacht isteach déanach sa chóras.Tá seo pléite leis an Aire Hildegarde Naughton T.D. - an bhfuil tú sásta gníomhú ?

“Ní lá maith é seo, ná baol air. Gheall an tAire Gaeltachta anuraidh nach raibh san ardú €23m a fógraíodh do Roinn na do...
07/10/2026

“Ní lá maith é seo, ná baol air. Gheall an tAire Gaeltachta anuraidh nach raibh san ardú €23m a fógraíodh do Roinn na do 2026 ach ‘an chéad chéim’. Bhí muid thar a bheith dóchasach mar sin, go dtiocfadh ar a laghad an méid chéanna sa bhreis i mbliana. Níor fógraíodh ach méadú an-bheag ar airgead reatha sa cháinaisnéis inniu."

Tá cáineadh láidir déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar an méadú beag don teanga i mBuiséad 2027, ach deir Aire na Gaeltachta go raibh ardú mór i mbuiséad 2026 agus go bhfuil sé ag súil go bhfógrófar ardú mór eile do 2028

Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí ar fad atá ag fáil torthaí an Teastais Shóisearaigh inniu💚Guíonn Conradh na Gaeilge...
07/10/2026

Comhghairdeas ó chroí leis na daltaí ar fad atá ag fáil torthaí an Teastais Shóisearaigh inniu💚

Guíonn Conradh na Gaeilge gach rath oraibh!🤞

Address

66 Sráid Camden
Dublin
D02X201

Opening Hours

Monday 9:30am - 5:30pm
Tuesday 9:30am - 5:30pm
Wednesday 9:30am - 5:30pm
Thursday 9:30am - 5:30pm
Friday 9:30am - 5:30pm

Telephone

+35314757401

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Conradh na Gaeilge posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Organisation

Send a message to Conradh na Gaeilge:

Shortcuts

Share