14/09/2026
Bailígí timpeall, bailígí uilig! Tá na Fanzini Brothers ar ais arís le taispeántas dochreidte - Ronaldo Fanzini, King of Mayhem.
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh Ronaldo Fanzini, seó go hiomláin trí Ghaeilge, ag teacht go hInse Chór, 27 Meán Fómhair!
Mar chuid de chlár iontach speisialta do pháistí óga i mBÁC 8 agus an ceantar máguaird, beidh na Fanzini Brothers ag cur Ronaldo Fanzini, seó sorcais atá iontach greannmhar agus craiceáilte ar siúl in Inse Chór chun tús spleodrach, spreagúil a chur leis an gclár nua chun Gaeilge a chur chun cinn sa cheantar!
Tá Ronaldo Fanzini á reáchtáil ag BÁC le Gaeilge, An Rannóg Teanga Tí de Ghlór na nGael agus Craobh Inse Chór le tacaíocht ón gCiste Spreagtha.
Suíomh: BERA Hall, Ascaill Uí Chonghaile, Inse Chór, D08 E529
Dáta: Meán Fómhair 27
Am: 11am
Praghas: €5 an páiste/€10 an teaghlach (nasc sa bio)
Tuilleadh eolais: [email protected]
Gather round, gather round, everyone! The Fanzini Brothers are back again with an incredible show - Ronaldo Fanzini, King of Mayhem. We are delighted to announce that Ronaldo Fanzini, a show performed entirely through Irish, is coming to Inchicore on 27 September!
As part of a fantastic new programme specially designed for young children in Dublin 8 and surrounding areas, the Fanzini Brothers will be bringing Ronaldo Fanzini, a hilarious and crazy circus show, to Inchicore to give an exciting and inspiring start to the new programme promoting the Irish language in the area!
Ronaldo Fanzini is organised by BÁC le Gaeilge, An Rannóg Teanga Tí de Ghlór na nGael agus Craobh Inse Chór with support from Ciste Spreagtha.
Venue: BERA Hall, Connelly Avenue, Inchicore, D08 E529
Date: 27 September
Time: 11am
Price: €5 per child / €10 per family (link in bio)
More information: [email protected]