Gaeláras Mhic Ardghail

Gaeláras Mhic Ardghail Coinnigh suas chun dáta le himeachtaí i limistéir Oirialla.

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID. Triúr nár spáráil iad féin ag obair ar son na cúise - Art Mac Eachaidh (Co. Thír Eogh...
06/10/2026

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID. Triúr nár spáráil iad féin ag obair ar son na cúise - Art Mac Eachaidh (Co. Thír Eoghain), Máire Bn. Uí Ghógáin (Co. Lú) agus Pádraig Ó Néill (Co. Lú/Coláiste Bhríde). Conraitheoirí den scoth a sheas go dílis daingean dícheallach le Gaeil an tuaiscirt, le canúint Chúige Uladh agus le fís Lorcán Uí Mhuireadhaigh. Pic ó Chartlann an Ghaelárais le Domhnaill Ó Duibhfhionn/Cathal Ó Diolúin.
Coláiste Bhríde - Rann na Feirste
Cairde Uí Néill

05/10/2026

Fógra

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID. Cuir ceist ar éinne faoi stair an Chomhaltais ó na 1950í ar aghaidh agus is cinnte go...
04/10/2026

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID. Cuir ceist ar éinne faoi stair an Chomhaltais ó na 1950í ar aghaidh agus is cinnte go ndéanfar trácht ar Ghearóid Mac Giolla Domhnaigh, an Rúnaí dochloíte ó Riverdale Park North a bhí ag plé go toilteanach deonach le: deontais, cúrsaí riaracháin, comhfhreagras, smacht inmheánach, An tUltach, An Dáil Mhór, feiseanna, comórtais na rincí, húdarais, rialtais, an BBC, an Irish News, ballraíocht, bailiúcháin, taighde, coláistí samhraidh, conspóidí, Éigse Oirialla, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Bord na Gaeilge, féiltí drámaíochta, cúrsaí foilsitheoireachta, caidreamh achrannach leis an Ard-Oifig i mBÁC agus le cuid de na baill/Craobhacha, agus le feachtais éagsúla Chonradh na Gaeilge. Thaitin rialacha agus rúibricí le Gearóid, ba thábhachtach dó bunreacht an Chomhaltais agus oidhreacht Lorcán Uí Mhuireadhaigh. B'eagraí éifeachtach é agus bhí máistreacht aige ar na mionsonraí. Chosain sé féin agus a chomhbhádóir Seán Ó Labhra C.U. go dtí an deireadh. Lenár linn féin bhain Gerry Downey le Coiste Gnóithe an Chomhaltais - leibhéal níos airde ná stádas s'againne san eagraíocht. Ní dhéanfar dearmad air áfach - fear slachtmhar le carbhat, seaicéad néata, bróga snasta, mála leathair cáipéisí, miontuairiscí réidh do cheadú an mholtóra agus an chuiditheora, agus ar ndóigh mar abhcóide ar son na Gaeilge i 'gceantar dlínse an Chomhaltais'. Ghlac sé tamall orainn grianghraf de Ghearóid a aimsiú - thóg Paul Kavanagh (Dún Dealgan) an ceann seo sa bhliain 1975 (ó Chartlann Ghaeláras Mhic Ardghail).

Dáta don dialann. Tá Eoghan ag ullmhú faoi láthair do Scoil Gheimhridh Ghearóid Uí Chairealláin agus tá téamaí spéisiúla...
04/10/2026

Dáta don dialann. Tá Eoghan ag ullmhú faoi láthair do Scoil Gheimhridh Ghearóid Uí Chairealláin agus tá téamaí spéisiúla roghnaithe aige. Tá pic thíos ó Chartlann an Ghaelárais de Ghearóid le hEibhlín Ní Chathailriabhaigh (ní fios cá háit ná cén ócáid).

Preabagóid ar son phobal Bhóthar Gharbhachaidh tráthnóna inné (taobh amuigh de Halla an Bhaile, an tIúr).
02/10/2026

Preabagóid ar son phobal Bhóthar Gharbhachaidh tráthnóna inné (taobh amuigh de Halla an Bhaile, an tIúr).

Bóthar Gharbhachaidh. Gaeil ag tacú arís anocht lenár gcairde i gCraobh Phort an Dúnáin de Chonradh na Gaeilge agus le h...
30/09/2026

Bóthar Gharbhachaidh. Gaeil ag tacú arís anocht lenár gcairde i gCraobh Phort an Dúnáin de Chonradh na Gaeilge agus le hiardhaltaí na ngaelscoileanna sa cheantar.

Spéisiúil. Read and learn.
29/09/2026

Spéisiúil. Read and learn.

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID.  Bhíodh sraith de phictiúir ar An tUltach (1950) agus páistí iontu a tógadh le Gaeilg...
28/09/2026

COMHALTAS ULADH-COMÓRADH AN CHÉID. Bhíodh sraith de phictiúir ar An tUltach (1950) agus páistí iontu a tógadh le Gaeilge sna Sé Chontae. Seo beirt, Deirdre agus Nuala Ní Fhearáin, iníonacha le Pádraig agus Daisy Fearon a raibh cónaí orthu sa Ghleann ar an Iúr ar feadh na mblianta agus a bhí dílis i dtólamh do chuspóirí an Chonartha.
(see colourised version below)

Ailt spéisiúla faoin raidió ar nuachtáin an Domhnaigh - (Sunday Independent agus Sunday Life).
28/09/2026

Ailt spéisiúla faoin raidió ar nuachtáin an Domhnaigh - (Sunday Independent agus Sunday Life).

Address

Newry
BT342DS

Alerts

Be the first to know and let us send you an email when Gaeláras Mhic Ardghail posts news and promotions. Your email address will not be used for any other purpose, and you can unsubscribe at any time.

Contact The Organisation

Send a message to Gaeláras Mhic Ardghail:

Shortcuts

Share