28/08/2025
📣 Public Consultation Continues - ‘Proposing’📣
Following the enthusiastic response to ‘Listening’ in June and ‘Sketching’ earlier this month, we’re moving into the next phase of the Phoenix Di**le project: ‘Proposing’, taking place Sat 27th Sept.
The 3pm session is now fully booked - a second session at 5pm is now open. Book via Eventbrite: https://www.eventbrite.com/e/the-phoenix-public-consultation-session-proposing-tickets-1629939867019?aff=erelpanelorg
The consultation will be led by Laura Brock of Brock McClure Planning Consultants, Andrew Clancy of Clancy Moore Architects, creative director and producer Mary Hickson, and visual artist Yvonne McGuinness, who is also co-custodian of the Phoenix. Each brings a different lens to the project, helping ensure that design ideas are grounded in both vision and practicality.
At its core, the new Phoenix will be a cultural village – a not-for-profit rooted in cinema but reaching far beyond it. Alongside film screenings, the revitalised space will include areas for live performance, rehearsals, music practice, meetings, and small theatre. There are also plans for artists’ studios, a project room, a gallery, a community ‘living room’, and an outdoor garden space designed for conversation and reflection.
The team envisions a place that serves locals and visitors alike – open year around, and alive with creativity, shaped by the people who live here.
📧 Can’t make it? Please feel free to email us your thoughts: [email protected]
📸 Manuela dei Grandi
______ .
📣Leantar leis an gcomhairliúchán poiblí: “Ag Moladh”📣
Ag leanúint ón bhfreagra dhíograiseach ar ‘Ag Éisteacht’ i Meitheamh agus ‘Ag Sceitseáil’ níos luaithe an mhí seo, táimid ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile i dtionscadal Phoenix an Daingin: ‘Ag Moladh’, a bheidh á reachtáil Satharn 27ú Meán Fómhair i bPictiúrlann an Phoenix.
Tá an seisiún ag 3in anois lán – tá an tarna seisiún ag 5in anois oscailte d’áirithintí ar Eventbrite.
Ag stiúradh an sheisiúin chomhairliúcháin arís beidh Laura Brock ó Brock McClure Consultants, Andrew Clancy de chuid Clancy Moore Architects, an stiúrthóir cruthaitheach agus léirithoir Mary Hickson agus an amharc-ealaíontóir Yvonne McGuinness gurb í comh-úinéir an Phoenix chomh maith. Tugann gach duine acu leo radharc éagsúil ar an tionscadal, ag cabhrú chun a chinntiú go mbeidh idir fhís agus phraiticiúlacht ag baint leis na smaointe dearaidh.
Go bunúsach, beidh an Phoenix nua ina shrádbhaile cultúrtha – ionad seachbhrabúsach fréamhaithe i saol na scannán, ach ag síneadh amach i bhfad thairis san. Anuas ar léirithe scannán, beidh limistéir sa spás athbheoite do thaibhiú beo, cleachtadh drámaíochta agus ceoil, cruinnithe agus amharclannaíocht ar scála beag. Tá pleananna sa treis, leis, i gcomhair stiúidiónna amharc-ealaíne, seomra tionscadail, gailearaí, 'seomra suí' poiblí agus spás gáirdín lasmuigh deartha ar mhaithe comhrá agus machnaimh.
Tá an fhoireann ag súil le hionad a dhéanfaidh freastal ar mhuintir na háite agus ar chuairteoirí araon – oscailte ó cheann ceann na bliana, ag cur thar maol le cruthaitheacht, agus múnlaithe ag na daoine a mhaireann anseo.
📧 Ní féidir leat a bheith linn? Cuirfear fáilte roimh do smaointe ar rphost ag [email protected]