26/05/2026
❗Flexi Vouchers an tSamhraidh ar fáil ❗
Is féidir leat an Dearbhán Solúbtha do Thuismitheoirí a úsáid do 5 leath-lá aon am is mian leat i mí an Mheithimh, i mí Iúil nó i mí Lúnasa 2026.
De gnáth, ligtear deascanna sa gteic amach do tréimhse lae ar a laghad, ach tuigimid go mb'fhéidir nach mbeadh uait ach beagán síochána agus ciúnas ar feadh cúpla uair a chloig chun spriocdháta a chomhlíonadh, nó le bheith ar fáil le haghaidh cruinnithe gan éinne ag cur isteach ort! Nó b'fhéidir go bhfuil do leanaí ag dul go Campa Cúil nó chuig ceachtanna snámh, agus ní fiú dul abhaile mar go gcaithfear iad a bhailiú i gceann cúpla uair an chloig…
Is féidir le ceachtar tuismitheoir úsáid a bhaint as an dearbhán seo – tuigimid go gcaithfidh teaghlaigh oibriú timpeall ar rudaí ar fhógra ghairid – táimid breá sásta leis sin.
Ní mór deasca a chur in áirithe 24 uair an chloig ar a laghad roimh ré agus roimh 1.00pm ar an Aoine roimhe sin má bhíonn rochtain ag teastáil maidin Dé Luain.
🔥🎯⭐Beart speisialta do theaghlaigh áitiúla – ceannaigh do dhearbhán roimh an 21 Meitheamh (an lá is faide sa bhliain!) agus bí inár gcrannchur ina bhfaighidh dhá theaghlach a bhfuil a leanaí ag freastal ar scoileanna i bparóistí Chathair Saidhbhín, na Priarachta, Dhairbhre, An Dromaid agus Chathair Dónall aisíocaíocht iomlán ar chostas a ndearbháin! 🔥🎯⭐
https://connectedhubs.ie/bundles/bundle/133
Cúl Camp Baile an Sceilg 13.07.26 – 17.07.26
Coláiste Mhichíl Baile an Sceilg 13.07.26 – 24.07.26
Ranganna Snámh Baile an Sceilg 27.07.26 – 31.07.26