25/11/2024
Is é an aidhm atá leis an imeacht seo ná diriú isteach ar éadaí athláimhe chun cabhrú leis an timpeallacht.
Is imeacht shabháilte é seo do dhaoine trasinscneach, gan inscne & don LADTA+ ar fad.
Tóg libh bhur gcuid éadaí agus do chairde!
Cén chaoi a oibríonn sé?
- 14:00: Tug leat do chuid éadach chomh fada le Áras na nGael. Déanfaidh ár foireann cinnte go bhfuil na éadaí glan, tirim agus cuma mhaith orthu. An bhliain seo, tá muid ag glacadh le malaí, bróga, oiriúintí agus ceangláin! (Ní bheidh muid ag glacadh rudaí ar nós stocaí, cíochbhearta, fo-éadaí ná riteoga).
Tabharfaidh an foireann dearbhán dhuit bunaithe ar an méid éadaí a thug tú leat, beidh tú ábalta an méid sin éadaí a thabhairt abhaile leat!
Chomh fada agus atá an foireann ag bailiú an chuid eile éadaí, tá fáilte romhat siúl thart agus breathnú ar an ionad.
- 15:00 - nuair atá gach rud réidh, beidh tú ábalta dhul isteach agus dul i dtóir éadaí dhuit fhéin! Tá neart am agat, beidh an imeacht ar siúl go dtí an 2 nó nuair a ritheann muid amach as éadach.
Leis sin, má tá aon éadach agat nach:
1. Grá agat dhóibh 2. Úsáid agat dhóibh 3. Bhfuil tú a iarraidh níos mó
Tug isteach iad!
Bain taitneamh as an malartú!!
Míle buíochas le & as na ráille agus na crochadáin
Dearadh: .sian